Scoileanna Nua
[wpv-post-featured-image size=’full’]
Bíonn Gaeloideachas ag obair le pobail i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú, i gceantair atá aitheanta ag an Roinn Oideachais & Scileanna mar cheantair ina bhfuil scoileanna nua de dhíth agus anuas air sin i gceantair eile ina bhfuil an-éileamh ann ón bpobal don oideachas lán-Ghaeilge. Braitheann rathúlacht na n-iarratas ar scoileanna nua ar thacaíocht láidir ón bpobal agus ar léirithe spéise ó thuismitheoirí. Bíonn fáilte i gcónaí roimh rannpháirtíocht sna feachtais agus cuirtear gach tacaíocht ar fáil do na coistí atá ag obair i dteo scoileanna nua a bhaint amach dá gceantair.
Is í fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar thumoideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí. Más suim leat cabhrú linn ár bhfís a bhaint amach, gheobhaidh tú eolas maidir leis na feachtais reatha ar www.gaelscoil4all.ie.
Cuir do rogha in iúl maidir le pátrúnacht scoileanna nua
Tá próiseas comhairliúcháin na Roinne Oideachais &Scileanna maidir le pátrúnacht na scoileanna nua ar bun faoi láthair. Tá deis ag tuismitheoirí a rogha a chur in iúl do phátrúnacht scoile ina gceantar féin. Tá gach eolas maidir leis an bpróiseas ar fáil ar https://patronage.education.gov.ie/.
Le vóta a chaitheamh, is gá go mbeadh páiste faoi bhun aois 5 agat, agus cónaí air nó uirthi sa limistéar pleanála scoile. Beidh Eircode agus uimhir PPS do pháiste uait le seo a dheimhniú.
Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas, nó maidir leis na buntáistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge dod’ pháiste, tá an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie.
Feachtas Gaelscoil4all
Tugann an tAire McHugh cuireadh do thuismitheoirí rogha pátrúnachta a léiriú do cheithre scoil nua atá le bunú i 2020
Inniu (Déardaoin, 28 Samhain) ghríosaigh an tAire Oideachais, Joe McHugh, T.D., tuismitheoirí agus caomhnóirí chun a dtuairimí a léiriú ar an bpróiseas pátrúnachta do cheithre bhunscoil atá le bunú an bhliain seo chugainn. Tá cuireadh á thabhairt do mháithreacha,...
Gríosann an tAire McHugh tuismitheoirí le páirt a ghlacadh i bpróiseas pátrúnachta do shé iar-bhunscoil nua
Inniu (Dé Luain, 9 Meán Fómhair) ghríosaigh an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. tuismitheoirí agus caomhnóirí lena dtuairimí a léiriú ar an bpátrúnacht do sé scoil nua atá le bunú an bhliain seo chugainn. Tá cuireadh tugtha do mháithreacha, aithreacha...
Deá-scéal do pháistí i mBaile Átha Cliath le 5 bhunscoil lán-Ghaeilge nua fógartha
Tréaslaíonn Gaeloideachas leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe Mc Hugh, TD a d’fhógair inniu go mbeidh cúig cinn den cheithre scoil déag nua atá le hoscailt sa tréimhse 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge, de thoradh athrú suntasach agus stairiúil ar an...
Ainmneofar cúig bhunscoil nua mar Ghaelscoileanna
D’fhógair Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, inniu go bhfuil cúig bhunscoil nua a bhunófar sa tréimhse 2020-2022 le hainmniú don Ghaeloideachas. Rinne an tAire an cinneadh sin tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfáil atá ann ar Ghaelscoileanna i roinnt...
Foras le hiarratas a dhéanamh ar phátrúnacht 11 iar-bhunscoil nua
Ó www.gaelscoil4all.ie: Déanfar iarratas 11 Ghaelcholáiste nua a bhunú in 2020 agus 2021. Meánscoil chomhoideachasúil agus ilchreidmheach a bheidh i ngach Gaelcholáiste nua. Tá meánscoil nua de dhíth i ngach ceantar mar gheall ar fhás sa daonra. Is mian linn rogha nua...
Cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht sé iar-bhunscoil nua
Inniu, thug an Roinn Oideachais & Scileanna cuireadh do phátrúin ionchasacha iarratais a dhéanamh ar phátrúnacht na sé scoil nua atá le hoscailt i 2020, le freastal ar an éileamh ó dhaonraí méadaitheacha i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, sa Mhí/Cill Dara agus i...