Cruinniú Ginearálta Bliantúil
[wpv-post-featured-image size=’full’]
Eagraíonn Gaeloideachas Cruinniú Ginearálta chuile bhliain le baill Bhord a thoghadh agus deis a thabhairt do na scoileanna atá cláraithe linn rúin a mholadh. Treoraíonn na rúin seo clár oibre na heagraíochta, chun go mbeidh sí ag freastal ar riachtanais na mball.
CGB 2019
Beidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2019 ag 11.00 ar an 16 Samhain 2019 in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh. Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG ar siúl an lá roimhe, agus is féidir clárú le freastal anseo: Tionól Forbartha.
Is féidir dréacht-mhiontuairiscí CGB 2018 a léamh anseo: Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2018 dréacht mhiontuairiscí
Ballraíocht
Is gá go mbeadh scoileanna cláraithe mar bhaill reatha de chuid na heagraíochta le go mbeidh vóta acu ag an gCruinniú Ginearálta. Le stádas ballraíochta do scoile a dheimhniú, déan teagmháil linn ar eolas@gaeloideachas.ie nó 01 8535195. Tá gach eolas maidir le ballraíocht le fáil anseo: Ballraíocht
Rialachas
Tá Bord Gaeloideachas déanta suas d’ionadaithe ó thrí earnáil – (i) bunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacta, (ii) bunscoileanna Gaeltachta agus (iii) iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge – chomh maith le hionadaithe ó sé réigiún tíreolaíoch. Cliceáil ar na clib thall le liosta a fháil de na contae i ngach réigiún.
- Dún na nGall
- Doire
- Aontroim
- An Dún
- Fear Manach
- Tír Eoghain
- Ard Mhacha
- Sligeach
- Liatroim
- Ros Comáin
- Longfort
- An Cabhán
- Muineacháin
- An Iarmhí
- Uíbh Fhailí
- Laois
- Maigh Eo
- Gaillimh
- An Chlár
- Tiobraid Árann Thuaidh
- Luimneach
- Ciarraí
- Corcaigh
- An Chlár
- Tiobraid Árann Thuaidh
- Luimneach
- Ciarraí
- Corcaigh
- Lú
- An Mhí
- Baile Átha Cliath
- Cill Dara
- Cill Mhantáin
Tuairiscí Bliantúla
Foilsíonn Gaeloideachas Tuairisc Bhliantúil don Chruinniú Ginearálta chuile bhliain. Is féidir na tuairiscí a foilsíodh cheana a íoslódáil anseo: